TK3000 M6 - Walkie-talkie KENWOOD - Lámhleabhar úsáideora saor in aisce
Aimsigh lámhleabhar an ghléis saor in aisce TK3000 M6 KENWOOD i bhformáid PDF.
| Cineál táirge | Caint-teachtaire PMR446 |
| Branda | Kenwood |
| Samhail | TK3000 M6 |
| Raon minicíochta | 446 MHz (banda PMR446) |
| Líon na gcainéal | 16 chainéal réamhshainithe |
| Cumhacht tarchurtha | 0.5 W (max. de réir rialacháin) |
| Raon garbh | Suas le 10 km i réimse oscailte |
| Soláthar cumhachta | Pacáiste ceallraí in-athluchtaithe Li-ian (7.4 V tipiciúil) |
| Saol ceallraí measta | Thart ar 8 go 12 uair an chloig de réir úsáide |
| Toisí (F x A x D) | 120 x 55 x 35 mm (meastachán) |
| Meáchan (le ceallraí) | Thart ar 150 g |
| Taispeáint | Scáileán LCD a thaispeánann crios, cainéal agus leibhéal ceallraí |
| Príomhfheidhmeanna | Tarchur/glacadh, roghnú crios/cainéal, toirt inchoigeartaithe, ciúnas, faireachas |
| Cineál micreafóin | Micreafón comhtháite le cainteoir |
| Cónascaire cúlpháirtí | Soicéad le haghaidh micreafón seachtrach/cluasán (cineál Kenwood) |
| Teocht oibriúcháin | -20 °C go +60 °C |
| Glanadh agus cothabháil | Éadach bog agus tirim, seachain tuaslagóirí agus tumadh |
| Sábháilteacht | Comhlíonann sé teorainneacha nochta RF (1999/519/CE) |
| Cúlpháirtí a sholáthraítear | Charger balla, pacáiste ceallraí, clip crios, lámhleabhar úsáideora |
| In-athchóiritheacht | Páirteanna breise ar fáil trí sheirbhís iar-díola Kenwood |
Ceisteanna Coitianta - TK3000 M6 KENWOOD
Ceisteanna úsáideoirí faoi TK3000 M6 KENWOOD
0 ceist faoin ngléas seo. Freagair iad sin atá ar eolas agat nó cuir do cheist féin.
Ceist nua a chur faoin ngléas seo
Íosluchtaigh na treoracha do do Walkie-talkie i bhformáid PDF saor in aisce! Aimsigh do lámhleabhar TK3000 M6 - KENWOOD agus glac do ghléas leictreonach ar ais i do lámha. Ar an leathanach seo foilsítear na doiciméid go léir atá riachtanach chun do ghléas a úsáid. TK3000 M6 den bhranda KENWOOD.
LÁMHLEABHAR ÚSÁIDEORA TK3000 M6 KENWOOD
Tá gach teideal ar na cóipchearta ar dhochtearraí atá lonnaithe i gcuimhní táirgí KENWOOD ar cosaint ar mhaithe le JVC KENWOOD Corporation.
Faisnéis maidir le Diúscairt Seantrealaimh Leichtrigh agus Leictreonaigh agus Ceallra (bailí i dtíortha ina bhfuil córais bhailiúcháin dramhaíola réamhdheighilte i bhfeidhm)

Ní féidir táirgí nó ceallra ar a bhfuil an tsamhail (araid rothaí chealaithe) a chur de láimh mar dhramhaíl tí.
Níor mhór seantrealamh leictreach agus leictreonach a chur á athchúrsáil i saoráid atá oiriúnach dá leithéid agus dá gcuid fotháirgí dramhaíola.
Glac comhairle le d'údarás áitiúil le faisnéis a chur faoin tsaoráid athcúrsála is gaire duit.
Ach na táirgí seo a athchúrsáil nó a chur de láimh mar ba cheart, is fearr a chaomhnófar ár n-acmhainní agus is lú an dochar a dhéanfar dár sláinte agus don chomhshaol.
RÉAMHCHÚRAIM
- Ná luchtaigh an trasghlacadóir ná an paca ceallra agus iad fliuch.
- Déan deimhin de nach bhfuil aon réadaí miotail idir an trasghlacadóir agus an paca ceallra.
- Ná déan aon rogha seachas na roghanna a shonraíonn KENWOOD.
- Má tá damáiste déanta don fhonnadh disle-theilgthe ná d'aon chuid eile den trasghlacadóir, ná teagmhaigh leis na páirteanna damáistithe.
- Má tá gléas cinn nó cluasán nasctha leis an trasghlacadóir, laghdaigh airde na fuaime. Tabhair aire d'airde na fuaime agus tú ag casadh an chiorcaid mhúchta ("squelch") as.
- Ná cuir cábla an mhicreafóin timpeall do mhuineáil agus tú in aice le hinnealra a bhféadfadh an cábla dul i bhfostú ann.
• Ná leag an trasghlacadóir ar dhromchla neamhsheasmhach. - Seachain an dteagmhódh ceann na aeróige le do shúile.
- Má chuirtear an trasghlacadóir ag tarchur go ceann fada, éireoidh an radaitheoir agus an fonnadh te. Ná bain leo seo agus tú ag cur an phaca ceallra ar ais ina áit.
• Ná tom an trasghlacadóir in uisce. - Lasc cumhacht an trasghlacadóra as i gcónaí roimh duit comhghabhálais roghnaitheacha a shuiteáil.
- Is é an luchtaitheoir an gléas a scoireann an t-aonad ón bpríomhlíonra SA. Níor mhór an plocóid SA a bheith sorochtana.

RABHADH
Lasc cumhacht an trasghlacadóra as sna timpeallachtaí seo sa leanas:
◆ Timpeallachtaí inphléasctha (gás so-adhainte, cáithníní deannaigh, púdair mhiotail, púdair ghráin, etc.).
◆ Ag líonadh le breosla duit nó le linn a bheith parcáilte i stáisiúin seirbhíse.
◆ I ngar do phléascáin nó do shuímh phléasctha.
◆ In eitleáin. (Ní mór an trasghlacadóir a úsáid de réir na dtreoracha agus na rialacha a chuireann foireann an eitleáin ar fáil.)
◆ In áiteanna ina bhfógraítear srianta nó rabhaidh maidir le húsáid gléasanna raidió, mar shampla ospidéil etc.
◆ I ngar do dhaoine a úsáideann séadairí.

FAINIC
◆ Ná bain as a chéile agus ná hathraigh an trasghlacadóir ar chúis ar bith.
♦ Ná cuir an trasghlacadóir ar an bhfearas mála aeir nó in aice leis nuair atá an fheithicil i mbun oibre. Nuair a shéidtear suas an mála aeir tá baol go dteilgfidh sé seo an trasghlacadóir in aghaidh an tiománaí nó na bpaisinéirí.
Má bhraitear boladh neamhghnách nó deatach ag teach ón trasghlacadóir, lasc cumhacht an trasghlacadóra as láithreach, bain an paca ceallra de agus glac comhairle le do dhéileálaí KENWOOD.
B'fhéidir go bhfuil sé in aghaidh dhlí an tráchta an trasghlacadóir a úsáid agus tú ag tiomáint. Deimhnigh an scéal seo agus géill do rialacha an tráchta i do cheantar.
◆ Ná fág an trasghlacadóir gan cosaint ar theas mór nó ar fhuacht mór.
◆ Ná beir leat an paca ceallra in éineacht le réada miotail, mar d'fhéadfaidís seo teirminéil an cheallra a chiorrú amach.
◆ Baol pléasctha ann má athsholáthraítear an ceallra le ceann mícheart; athsholáthair i gcónaí le ceann den chineál céanna.
◆ Má chuireann tú beilt cheannaithe leis an trasghlacadóir, bí cinnte gur beilt bhuanseasmhach í. Ná luasc an trasghlacadóir ach an oiread as ceann na beilte ar eagla go mbuailfeá agus go ngortófá duine eile leis.
◆ Má úsáideann tú banda muineáil ceannaithe, seachain an rachadh an banda i bhfostú in aon innealra a bheadh in aice leat.
Má chuirtear an trasghlacadóir ag obair in áit ina bhfuil an t-aer tirim, is é is dóichí go gcruthófar lucht leictreach (leictreachas statach). Má úsáideann tú an cluasán i gcás mar sin, d'fhéadfadh an trasghlacadóir turraing leictreach a chur tríd seo chun do chluaise. Molaimid duit gan ach callaire/micreafón a úsáid ina leithéid de chás le turraingí leictreacha a sheachaint.
◆ Ná fág an trasghlacadóir gan cosaint ar feadh i bhfad ar sholas díreach na gréine ná in aice le fearais téite.
FAISNÉIS FAOIN BPACA CEALLRA
Sa phaca ceallra tá réada so-adhainte, mar thuaslagóirí orgánacha. Mura láimhsítear an ceallra mar ba cheart, d'fhéadfadh sé go réabfaí é agus go dtiocfadh lasracha nó teas ollmhór dá dheasca, agus go ndéanfaí dochar dá réir sin nó foimreacha eile damáiste don cheallra. Iarrtar ort géilleadh do na toirmisc seo.

CONTÚIRT
◆ Ná bain an ceallra as a chéile ná ná cuir le chéile arís é.
◆ Ná déan an ceallra a ghearrchiordadh.
◆ Ná loisc an ceallra agus ná cuir foinsí teasa leis.
◆ Ná fág an ceallra in aice le tinte ná le soirn ná le foinsí teasa eile (áiteanna ina bhfuil an teocht os cionn 80°C).
◆ Ná tom an ceallra in uisce agus ná déan é a fhliuchadh ar bhealaí eile.
◆ Ná luchtaigh an ceallra in aice le tinte ná faoi sholas díreach na gréine.
◆ Ná bain leas ach as an luchtaitheoir a shonraítear agus comhlíon na riachtanais luchtaithe.
◆ Ná toll an ceallra le rud ar bith, ná buail le huirlis é, ná seas air.
◆ Ná bain tuairt as an gceallra ná ná caith uait é.
◆ Ná bain leas as an bpaca ceallra má tá damáiste ar bith déanta dó.
◆ Ná déan sádráil go díreach ar an gceallra.
◆ Ná cuir polaraíocht an cheallra droim ar ais (ná na losa).
◆ Ná luchtaigh ná ná nasc an ceallra droim ar ais.
Ná leag lámh ar cheallra atá réabtha nó ag sceitheadh. Má theagmhaíonn leacht leictrilíte an cheallra le do shúile, nigh do shúile le huisce úr chomh luath agus is féidir, gan iad a chuimilt. Téigh chun an ospidéil láithreach. Mura gcuirtear cóir orthu, d'fhéadfaí dochar a dhéanamh do na suíle.

RABHADH
◆ Ná luchtaigh an ceallra níos faide ná an t-achar ama a shonraítear.
◆ Ná cuir an paca ceallra i micreathonn ná in árthach faoi bhrú ard.
◆ Coinnigh pacaí ceallra atá réabtha nó ag sceitheadh amach ó thinte.
◆ Ná bain leas as ceallra mínormalach.
AN CHUMHACHT A LASCADH ANN/AS
Cineál eochrach:
Brúigh [ðchun an trasghlacadóir a lascadh ANN.
Brúigh [☐] arís chun an trasghlacadóir a lascadh AS.
Cineál cnaipe:
Cas an [Lasc cumhachta/Rialaitheoir fuaime] deiseal chun an trasghlacadóir a lascadh ANN.
Cas an [Lasc cumhachta/Rialaitheoir fuaime] tuathal go hiomlán chun an trasghlacadóir a lascadh AS.
AIRDE NA FUAIME A OIRIÚNÚ
Cineál eochrach:
Brúigh an eochair ríomhchláraithe mar [Airde Suas] chun an airde a mhéadú. Brúigh an eochair ríomhchláraithe mar [Airde Síos] chun an airde a laghdú.
Cineál cnaipe:
Rothlaigh an [Lasc cumhachta/Rialaitheoir fuaime] chun an airde a oiriúnú. Deiseal chun í a mhéadú agus tuathal chun í a laghdú.
AN SAINCHEANTAR AGUS AN CAINÉAL A ROGHNÚ
Roghnaigh an saincheantar agus an cainéal atá uait ag úsáid na n-eochracha atá ríomhchláraithe mar [Saincheantar Suas]/ [Saincheantar Síos] agus [Cainéal Suas]/ [Cainéal Síos].
TARCHUR
1 Roghnaigh an saincheantar agus an cainéal atú uait.
2 Roghnaigh an eochair ríomhchláraithe mar [Monatóir] nó [Ciorcad Múchta As] féachaint an bhfuil an cainéal saor.
- Má tá an cainéal gafa, fan go mbeidh sé saor.
3 Brúigh an lasc PTT agus labhair isteach sa mhicreafón. Scaoil saor an lasc PTT chun glacadh.
- Ar mhaithe le cáilíocht na fuaime ag an stáisiún glactha, coinnigh an micrafón idir 3 cm nó 4 cm ó do bhéal.
GLACADH
Roghnaigh an saincheantar agus an cainéal atú uait. Má tá comharthaíocht ríomhchláraithe ar an gcainéal a roghnaigh tú, ní chloisfidh tú glao ach nuair a bheidh an glao a glacadh comhoiriúnaithe le socruithe do thrasghlacadóra.