MU2M15.UL4 - MU2M17.UL4 - Aerchóirithe LG - Notice d'utilisation et mode d'emploi gratuit
Retrouvez gratuitement la notice de l'appareil MU2M15.UL4 - MU2M17.UL4 LG au format PDF.
Téléchargez la notice de votre Aerchóirithe au format PDF gratuitement ! Retrouvez votre notice MU2M15.UL4 - MU2M17.UL4 - LG et reprennez votre appareil électronique en main. Sur cette page sont publiés tous les documents nécessaires à l'utilisation de votre appareil MU2M15.UL4 - MU2M17.UL4 de la marque LG.
MODE D'EMPLOI MU2M15.UL4 - MU2M17.UL4 LG
ÚINÉARA AERCHÓIRITHEOIR Léigh an lámhleabhair an úinéara seo sula n-oibrítear an gléas agus coinnigh in aice leat é an t-am ar fad. Is leagan simplithe é an lámhleabhar seo ag an príomh-lámhleabhar. Is féidir teacht ar an leagan is cuimsitheach ar www.lg.com. CINEÁL : SUITE AR AN MBALLA Aistriúchán ar an teagasc bunaidh
Cóipcheart © 2018 LG Electronics Inc Gach ceart ar cosaint.
CLÁR ÁBHAIR Rinneadh an lámhleabhair seo le haghaidh roinnt táirgí agus d’fhéadfadh le híomhánna agus inneachar difriúil ón cineál atá ceannaithe agat a bheith ann. Tá an lámhleabhar seo faoi réir athbhreithniú an déantóra.
TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA 3 Treoracha Sábháilteachta Tábhachtacha 4
OIBRIÚCHÁN 9 Nótaí oibriúcháin 9 Páirteanna agus feidhmeanna 9 Cianrialtán gan sreang 10
Tá na treoirlínte sábháilteachta a leannas dírithe ar baol nó damáiste tobann a sheachaint de bharr oibriúchán cearr nó fabhtach ar an táirge seo. Tá na treoirlínte roinnte idir "RABHADH" agus "FOLÁIREAMH" de réir cur síos. Taispeántar an comhartha seo i gcomhar oibriúcháin a d’fhéadfadh bheith bainteach le baol. Léigh an chuid ina bhfuil an comhartha seo go cúramach agus lean na treoracha chun baol a sheachaint.
RABHADH Léiríonn sé seo gur féidir le gortú nó bás tarlú mura gcloítear leis na treoracha.
FOLÁIREAMH - Léiríonn sé seo gur féidir le gortú éadrom nó damáiste don táirge tarlú mura gcloítear leis na treoracha.
TBileogaispeántar na siombail a leanas in aonaid laistigh agus lasmuigh. (do R32) Léiríonn an siombal seo go n-úsáideann an gléas seo cuisneán inadhainte. Má ligtear cuisneán agus má nochtar é le foinse inadhainte seachtrach, tá riosca dóiteáin ann. Léiríonn an siombal seo nach mór an Lámhleabhar Oibríochta a léamh go cúramach. Léiríonn an siombal seo gur gá do phearsanra seirbhíse an trealamh seo a láimhseáil de réir treoracha an Lámhleabhair Suiteála. Léiríonn an siombal seo go bhfuil eolas ar fáil, amhail an Lámhleabhar Oibríochta nó an Lámhleabhar Suiteála.
GAEILGE TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA Treoracha Sábháilteachta Tábhachtacha RABHADH Chun baol pléascadh, tine, báis, turrainge, gortú nó scalladh a sheachaint agus an táirge seo in úsáid agat, lean na treoracha réamhchúraim chomh maith leis an méid seo: Páistí sa theach Níl an gléas seo oiriúnach d'úsáid ag daoine (páistí san áireamh) atá míchumas nó cumas laghdaithe acu, nó easpa taithí nó eolais, mura bhfuil siad ollta nó faoi maoirseacht i gcomhar úsáid an gléis seo ag duine freagrach as a s(h)abháilteacht. Ba cheart do pháistí bheith faoi maoirseacht chun cinntiú nach bhfuil siad ag imirt leis an ngléas. Úsáid in Eoraip: Is cead ag páistí 8 mbliain d'aois nó níos sine an gléas seo a úsáid, chomh maith le daoine le míchumas nó cumas laghdaithe acu, nó easpa taithí nó eolais, má tá siad ollta nó faoi maoirseacht i gcomhar úsáid an gléis seo ar bhealach sábháilte agus má thuigeann siad na contúirtí bainteach leis. Ní cheadaítear do pháistí imirt leis an ngléas. Níl cead ag páistí an gléas a ghlanadh nó cothabháil an úsáideora a dhéanamh gan maoirseacht. Suiteáil • Ná suiteáltar an aerchóiritheoir i ndromchla neamh-chothrom nó ina bhfuil sé i mbaol titim. • Labhair le hionad seirbhíse ceadaithe agus tú ag suiteáil nó ag bogadh an aerchóiritheoir. • Déan an painéal agus clúdach an bosca rialaithe a shuiteáil go sábháilte. • Ná suiteáltar an aerchóiritheoir in aice le leacht nó gás inlasta ar nós gásailín, própán, caolaitheoir srl. • Cinntigh go bhfuil an píob agus an cábla cumhachta ag ceangail an dá aonad laistigh agus amuigh faoin aer - le chéile agus nach bhfuil siad ró chúng nuair a shuiteálann tú an aerchóiritheoir. • Úsáid scoradán ciorcaid agus aidhnín caighdeánach chun cloígh le ráta an aerchóiritheora. • Ná scaoil aer nó gás isteach sa chóras mura bhfuil an cuisneán oiriúnach ann. • Úsáid gás neamh-inlasta (nítrigin) chun ligean a lorg agus chun aer a scaoileadh; d'fhéadfadh le haer comhbhrúite tine nó pléascadh a spreagadh.
•Is gá do na ceangail laistigh/amuigh a bheith ceangailte go dian, agus ba cheart don sreang bheith suite gan é a tharraingt ó na teirminéalaigh. D'fhéadfadh le ceangal míchúramach scaoilte tine a chruthú. •Déan asraon leictreach tiomnaithe a shuiteáil sula n-úsáidtear an aerchóiritheoir. •Ná ceangail an sreang thalmhaithe le píoba gáis, greille shoilsithe nó sreang thalmhaithe teileafóin. •Ná bíodh bac ar aon oscailt aerála. Oibriúchán
•Ná úsáid ach na páirteanna liostáilte sa liosta pháirteanna an seirbhíse. Ná hathraigh aon rud ar an trealamh. •Cinntigh gan páistí bheith in aice leis ag dreapadh nó ag pleidhcíocht leis an aonad amuigh. •Cinntigh nach bhfuil aon baol dóiteáin nuair a chaitheann tú an candhra sa bhruscar. •Ná bain úsáid as cuisneán eile seachas an ceann sonraithe sa lipéad an aerchóiritheora. •Cas as an cumhacht má tá aon torann, boladh nó deatach ag teacht as an aerchóiritheoir. •Ná cuir substaint inlasta ar nós gásailín, beinséin nó caolaitheoir in aice an aerchóiritheoir. •Labhair le hionad seirbhíse ceadaithe má tá an aerchóiritheoir riamh faoin uisce. •Ná húsáid an aerchóiritheoir ar tréimhse ró-fhada in áit cúng gan aeráil. •Má ligtear gáis (ar nós Freon, gás própáin, gás LP, srl) cuir go leor aeráil sula n-úsáidtear an aerchóiritheoir arís. •Chun é a ghlanadh taobh istigh, labhair le hionad seirbhíse ceadaithe. D'fhéadfadh le glantach trom damáiste a dhéanamh ar an aonad. •Cinntigh go bhfuil go leor aeráil ann nuair a n-úsáidtear aerchóiritheoir agus uirlis téimh san am céanna. •Ná blocáil an inraon nó an asraon aer. •Ná cuir do lámha nó rudaí eile tríd an inraon nó asraon aer nuair atá an aerchóiritheoir ag obair. •Cinntigh go bhfuil an sreang cumhachta glan, daingean agus gan briseadh. •Ná tadhaill, ná oibrigh agus ná deisigh an aerchóiritheoir le d •Ná cuir aon rud sa sreang cumhachta.
•Ná cuir téitheoir nó gléasanna téimh eile in aice leis an sreang cumhachta. •Ná athraigh nó fairsingigh an sreang cumhachta. Má tá sreang cumhachta scrafa nó ag scamhadh d'fhéadfadh turraing tarlú, agus is gá an sreang a athrú. •Cas as an cumhacht láithreach má tharlaíonn lándorchú nó stoirm thoirní. •Cinntigh nach féidir an cábla cumhachta a tharraingt amach nó damáiste a dhéanamh dó agus an gléas á oibriú. •Ná teagmhaigh leis na bpíopa cuisneáin ná leis an bpíopa uisce ná le haon pháirteanna inmheánacha eile nuair atá an t-aonad ag obair nó díreach tar éis dó a bheith ag obair. Cothabháil
•Ná glan an gléas le sprae uisce díreach ar an ngléas. •Sula nglantar nó sula ndéantar cothabháil, dícheangail an soláthair cumhachta agus fan go dtí go stopann an fean. Sábháilteacht Theicniúla
•D'fhéadfadh le suiteáil nó deisiú déanta ag daoine neamh-cheadaithe bheith dáinséarach duit agus do dhaoine eile. •Ba chóir go mbeidh teastas bailí reatha ag aon duine a bhíonn gníomhach ag obair nó ag dul isteach i gciorcad cuisneáin, de chuid údarás meastóireachta creidiúnaithe ag an tionscail maidir le cuisneáin inadhainte, a dheimhníonn go bhfuil sé in ann cuisneáin a láimhseáil go sábháilte i gcomhréir le sonraíocht meastóireachta dearbhaithe ag an tionscail. (do R32) •Ní mór seirbhísiú a dhéanamh de réir treoracha déantúsóra an trealaimh amháin. Déantar cothabháil agus deisiúchán a thógann cabhair ó phearsanra oilte eile faoi mhaoirseacht an duine oilte in úsáid cuisneáin inlasta. (do R32) •Tá an t-eolas sa lámhleabhar seo dírithe ar úsáid ag teicneoir cáilithe seirbhíse atá cleachta leis na bearta sábháilteachta agus atá na uirlisí cearta agus tástála aige/aici. •Mura léitear gach treoir sa lámhleabhar seo, d'fhéadfadh leis bheith mar chúis ar oibriúchán fabhtach, damáiste, gortú agus/nó bás. •Is gá an gléas a shuiteáil de réir na rialacháin sreang náisiúnta. •Nuair is gá an corda cumhachta a athrú, déanfar daoine ceadaithe é, leis na páirteanna dílis. •Déantar an talmhú i gceart chun baol turraing a ísliú. •Ná gearr agus ná bain an beangán talmhaithe ón bplug. •Ná ceanglaítear an teirminéalach talmhaithe chuibhithe leis an scriú clúdach an balla chun an gléas a thalmhú. Is gá scriú miotal gan insliú a úsáid, agus déantar an gabhdán balla a thalmhú tríd an sreangú baile.
•Má tá tú éiginnte ó thaobh talmhú an aerchóiritheora, labhair le leictreoir cáilithe chun an gabhdán balla agus an ciorcad a sheiceáil. •Is gá duit bearta speisialta a ghlacadh chun an cuisneán agus an gás inslithe a chaitheamh sa bhruscar i gceart. Labhair le gníomhaí seirbhíse nó duine cáilithe eile sula gcaitear iad amach. •Má tá damáiste sa chorda, is gá é a athrú le cabhair an déantóra nó gníomhaí seirbhíse nó duine cáilithe eile chun guais a sheachaint. •Cuir an fearas i dtaisce i gceantar atá aeráilte go maith, i seomra chomh mór le méid an limistéar sonraithe don feidhmiú. (do R32) •Cuir an fearas i dtaisce i seomra gan lasracha oscailte leanúnacha (mar shampla téitheoir leictreach ag feidhmiú) agus foinsí adhainte (mar shampla téitheoir leictreach ag feidhmiú). •Cuir an fearas i dtaisce chun nach ndéantar damáiste meicniúil.
FOLÁIREAMH Chun baol gortú, fabht nó damáiste a ísliú agus an gléas seo in úsáid agat, lean na bearta réamhchúraim, chomh maith leis an méid seo: Suiteáil
•Ná déan an aerchóiritheoir a shuiteáil i limistéar ina bhfuil sé i dteagmháil díreach le gaoth mara (salann). •Déan an píobán draenála a shuiteáil i gceart chun an comhdhlútú uisce a scaoileadh de réir a chéile. •Bí cúramach nuair a bhaineann tú an aerchóiritheoir as an bpacáiste agus nuair a shuiteálann tú é. •Ná tadhaill ar an cuisneán ligthe i rith suiteáil nó deisiú. •Aistrigh an aerchóiritheoir le beirt nó níos mó daoine nó bain úsáid as forcardaitheoir. •Déan an aonad amuigh a shuiteáil ionas go bhfuil sé cosanta ó sólás díreach na gréine. Ná cuir an aonad laistigh i dteagmháil díreach le sólás na gréine tríd an bhfuinneóg. •Caith an pacáiste sa bhruscar go sábháilte, go háirithe scriúnna, tairní agus cadhnra. Úsáid málaí oiriúnacha tar éis suiteáil nó deisiú. •Déan an aerchóiritheoir a shuiteáil cosanta ó torann ón aonad amuigh, só ní á coimhlint a chothú leis na comharsanna.
Oibriúchán • Bain an cadhnra as an cianrialtán mura n-úsáidtear é thar tréimhse fada. • Cinntigh go bhfuil an scagaire suiteáilte sula n-osclaítear an aerchóiritheoir. • Bí cinnte seiceáil má tá sceitheadh cuisneán tar eís an aerchóiriúchán a shuiteáil nó a dheisiú. • Ná cuir aon rud san aerchóiritheoir. • Ná measc cadhnraí éagsúla, nó cadhnra nua le sean-chadhnra don cianrialtán. • Ná lig don aerchóiritheoir bheith ag obair ar tréimhse ró-fhada gan stad nuair • Ná húsáidtear an cianrialtán má tá aon leacht ligthe sa chadhnra. Má tá do chraiceann nó éadaí i dteagmháil leis an leacht ligthe, nigh le huisce glan. • Ná cuir daoine, ainmhithe, nó plandaí in aice an aer ró-fhuar nó ró-the ar tréimhse ró-fhada. • Má slogtar an leacht ligthe, nigh béal le huisce agus faigh cúram liachta. • Ná hól an uisce draenáilte ón aerchóiritheoir. • Ná húsáidtear an gléas chun bia a leasú, ealaín a dhéanamh, srl. Is gnáthaerchóiritheoir atá ann, ní oibríonn sé mar chóras fuarthú dian. Tá baol damáiste nó cailliúint. • Ná athluchtaigh nó dídhíolaim an cadhnra. Cothabháil • Ná tadhaill na páirteanna miotal an aerchóiritheora agus tú ag baint an scagaire as. • Úsáid stól nó dréimire chun glanadh, cothabháil agus deisiú má tá an aerchóiritheoir ró-ard. • Ná húsáidtear glantach nó caolaitheoir trom chun an aerchóiritheoir a ghlanadh, nó sprae uisce. Úsáid éadach bog.
GAEILGE OIBRIÚCHÁN Nótaí oibriúcháin Moltaí chun Fuinneamh a Shábháil
•Ná fuaraigh an iomarca. D'fhéadfadh leis bheith díobhálach don sláinte agus úsáidtear níos mó leictreachas. •Blócáil sólás na gréine le cuirtíní agus tú ag oibriú an aerchóiritheoir.
•Coinnigh doirsí agus fuinneóga dúnta go maith agus tú ag oibriú an aerchóiritheoir.
•Athraigh an treo aer go hingireach nó go cothrománach chun aer a chiorclú laistigh.
•Cuir luas leis an fean chun aer a fhuarú nó a théamhú laistigh ar tréimhse gearr.
•Oscail fuinneoga go minic. D'fhéadfadh leis an caighdeán aer laistigh ísliú má úsáidtear an aerchóiritheoir ar tréimhse fada.
•Glan an scagaire aer gach dara seachtain. D'fhéadfadh le deannach agus salachar eile bailithe ag an scagaire an aer a bhlocáil nó moill a chur leis an fuarthú/díthaisiú.
Páirteanna agus feidhmeanna Aonad laistigh
NÓTA •D'fhéadfadh leis an méid agus oibriúchán na lampaí athrú de réir samhaltán an aerchóiritheora. •D'fhéadfadh leis an gné sin athrú de réir samhaltán.
Cianrialtán gan sreang Ag cur cadhnra leis
Modh oibríochta Dírigh an cianrialtán chuig an glacadóir comharthaí ar taobh dheis an aerchóiritheora chun é a oibriú.
Is gá cadhnra a athrú nuair a thosaíonn an méid sa scáthlán an cianrialtáin ag imeacht. Cuir candhra AAA (1.5 V) leis sula n-úsáidtear an cianrialtán.
Cuir an cadhnra nua leis agus cinntigh go bhfuil na teirminéalacha + agus - suiteáilte i gceart.
•D'fhéadfadh leis an cianrialtán gléasanna leictreonacha eile a oibriú má dhirítear é chucu. Cinntigh go bhfuil sé dírithe chuig an aerchóiritheoir.
•Chun é a oibriú i gceart, úsáid éadach bog chun an tras-seolaí agus glacadóir a ghlanadh.
Ag suiteáil an Coiméadán Cianrialtáin Chun an cianrialtán a chosaint, déan a choiméadán a shuiteáil agus coinnigh é ó sólás na gréine.
Roghnaigh suíomh sábháilte atá éasca duit.
Ceangail an coiméadán le 2 scriú go cúng. Bain úsáid as scriúire.
•Mura bhfuil feidhm faoi leith á soláthair ag an táirge, ní dhéanann sé torann dordánaí nuair a bhrúitear cnaipe don fheidhm sin, seachas i gcás an Treo Sruth Aer( ), Scáthlán Chumhachta( ), agus Íonúchán Aer( ).
Ag socrú ama Cuir cadhnra leis. •• Beidh an íocón atá faoin scáthlán ag caochaíl.
Brúigh SET/CANCEL chun críochnú.
Ag oibriú an aerchóiritheoir gan cianrialtán Is féidir leat an cnaipe ON/OFF an aonad laistigh a úsáid chun an aerchóiritheoir a oibriú mura bhfuil cianrialtán ar fáil.
NÓTA •• Tá an amadóir Air/As ar fáil tar éis an am a shocrú.
Feidhm °C/°F tiontú (roghnach) Athraíonn an fheidhm sin an aonad idir °C agus °F. •• Brúigh agus coinnigh brúite an cnaipe shoicind.
ON/OFF NÓTA •• D'fhéadfadh leis an mótar céime bheith briste má osclaíonn na eití cothrománacha go gasta. •• Tá luas an feain socraithe go hard. •• D'fhéadfadh leis an gné sin athrú de réir samhaltán. •• Ní féidir an teocht a athrú nuair a n-úsáidtear an cnaipe Air/As éigeandála seo. •• I gcomhair samhaltáin téamhú amháin, socraítear an teocht ó 22°C go 24 °C.
Ag úsáid Cianrialtán gan sreang Is féidir an aerchóiritheoir a oibriú go héasca le cianrialtán. Ar fáil Feidhm Button
Chun an aerchóiritheoir a chasadh air/as.
Chun teocht an seomra a athrú sa mhodh fuarthú, téamhú nó uath-athrú.
Chun an mhodh téamhú a roghnú.
Chun an mhodh díthaisiúcháin a roghnú.
Chun an mhodh oibriúcháin uath-athrú a roghnú.
NÓTA •• * D'fhéadfadh leis na cnaipí athrú de réir samhaltán. •• D’fhéadfadh nach dtugfar tacaíocht don Léirú Fuinnimh, don Smachtú Fuinnimh, nó don feidhm Diagnóis Chiúin agus Cliste agus iad ceangailte leis an aonad Iolrach Lasmuigh.
Chun an aerchóiritheoir a chasadh air/as go huathoibríoch ag am faoi leith.
Chun na feidhmeanna faoi leith a shocrú/ceal agus amadóir.
Chun teocht an seomra a thaispeáint.
Chun aonad a athrú idir °C agus °F.
Chun smacht a chur ar úsáid fuinnimh.
NÓTA •D'fhéadfadh le cúpla feidhm gan bheith ar fáil de réir an samhaltán. •* D'fhéadfadh leis na cnaipí athrú de réir samhaltán.
Notice Facile