S18ET - Aerchóiriú LG - Lámhleabhar úsáideora saor in aisce

Aimsigh lámhleabhar an ghléis saor in aisce S18ET LG i bhformáid PDF.

📄 800 leathanaigh PDF ⬇️ Gaeilge GA 💬 Ceist AI 🖨️ Priontáil
Notice LG S18ET - page 611
Cúntóir lámhleabhair
Faoi chumhacht ChatGPT
Ag fanacht le do theachtaireacht
Faisnéis táirge

Branda : LG

Múnla : S18ET

Catagóir : Aerchóiriú

Íosluchtaigh na treoracha do do Aerchóiriú i bhformáid PDF saor in aisce! Aimsigh do lámhleabhar S18ET - LG agus glac do ghléas leictreonach ar ais i do lámha. Ar an leathanach seo foilsítear na doiciméid go léir atá riachtanach chun do ghléas a úsáid. S18ET den bhranda LG.

LÁMHLEABHAR ÚSÁIDEORA S18ET LG

Aistriúchán ar an teagasc bunaidh Léigh an lámhleabhair úinéara seo sula n-oibrítear an gléas agus coinnigh in aice leat é an t-am ar fad.

AERCHÓIRITHEOIRCLÁR ÁBHAIR

D’fhéadfadh go mbeidh íomhanna nó ábhar sa lámhleabhar seo atá difriuil ón múnla a cheannaigh tú. Tá an lámhleabhar seo faoi réir athbhreithniú an déantóra.

Tá na treoirlínte sábháilteachta a leanas dírithe ar baol nó damáiste tobann a sheachaint de bharr oibriúchán cearr nó fabhtach ar an táirge seo. Tá na treoirlínte roinnte idir "RABHADH" agus "FOLÁIREAMH" de réir cur síos. Taispeántar an comhartha seo i gcomhar oibriúcháin a d’fhéadfadh bheith bainteach le baol. Léigh an chuid ina bhfuil an comhartha seo go cúramach agus lean na treoracha chun baol a sheachaint. RABHADH Léiríonn sé seo gur féidir le gortú nó bás tarlú mura gcloítear leis na treoracha. FOLÁIREAMH Léiríonn sé seo gur féidir le gortú éadrom nó damáiste don táirge tarlú mura gcloítear leis na treoracha. TBileogaispeántar na siombail a leanas in aonaid laistigh agus lasmuigh. (do R32) Léiríonn an siombal seo go n-úsáideann an gléas seo cuisneán inadhainte. Má ligtear cuisneán agus má nochtar é le foinse inadhainte seachtrach, tá riosca dóiteáin ann. Léiríonn an siombal seo nach mór an Lámhleabhar Oibríochta a léamh go cúramach. Léiríonn an siombal seo gur gá do phearsanra seirbhíse an trealamh seo a láimhseáil de réir treoracha an Lámhleabhair Suiteála. Léiríonn an siombal seo go bhfuil eolas ar fáil, amhail an Lámhleabhar Oibríochta nó an Lámhleabhar Suiteála.4

Treoracha Sábháilteachta Tábhachtacha RABHADH Chun baol pléascadh, tine, báis, turrainge, gortú nó scalladh a sheachaint agus an táirge seo in úsáid agat, lean na treoracha réamhchúraim chomh maith leis an méid seo: Páistí sa theach Níl an gléas seo oiriúnach d'úsáid ag daoine (páistí san áireamh) atá míchumas nó cumas laghdaithe acu, nó easpa taithí nó eolais, mura bhfuil siad ollta nó faoi maoirseacht i gcomhar úsáid an gléis seo ag duine freagrach as a s(h)abháilteacht. Ba cheart do pháistí bheith faoi maoirseacht chun cinntiú nach bhfuil siad ag imirt leis an ngléas. Úsáid in Eoraip: Is cead ag páistí 8 mbliain d'aois nó níos sine an gléas seo a úsáid, chomh maith le daoine le míchumas nó cumas laghdaithe acu, nó easpa taithí nó eolais, má tá siad ollta nó faoi maoirseacht i gcomhar úsáid an gléis seo ar bhealach sábháilte agus má thuigeann siad na contúirtí bainteach leis. Ní cheadaítear do pháistí imirt leis an ngléas. Níl cead ag páistí an gléas a ghlanadh nó cothabháil an úsáideora a dhéanamh gan maoirseacht. Suiteáil

  • Ná suiteáltar an aerchóiritheoir i ndromchla neamh-chothrom nó ina bhfuil sé i mbaol titim.
  • Labhair le hionad seirbhíse ceadaithe agus tú ag suiteáil nó ag bogadh an aerchóiritheoir.
  • Déan an painéal agus clúdach an bosca rialaithe a shuiteáil go sábháilte.5
  • Cinntigh go bhfuil an píob agus an cábla cumhachta ag ceangail an dá aonad - laistigh agus amuigh faoin aer - le chéile agus nach bhfuil siad ró chúng nuair a shuiteálann tú an aerchóiritheoir.
  • Úsáid scoradán ciorcaid agus aidhnín caighdeánach chun cloígh le ráta an aerchóiritheora.
  • Ná scaoil aer nó gás isteach sa chóras mura bhfuil an cuisneán oiriúnach ann.
  • Déan asraon leictreach tiomnaithe a shuiteáil sula n-úsáidtear an aerchóiritheoir.
  • Ná ceangail an sreang thalmhaithe le píoba gáis, greille shoilsithe nó sreang thalmhaithe teileafóin.
  • Ná úsáid ach na páirteanna liostáilte sa liosta pháirteanna an seirbhíse. Ná hathraigh aon rud ar an trealamh.
  • Cinntigh gan páistí bheith in aice leis ag dreapadh nó ag pleidhcíocht leis an aonad amuigh.
  • Cinntigh nach bhfuil aon baol dóiteáin nuair a chaitheann tú an candhra sa bhruscar.
  • Ná bain úsáid as cuisneán eile seachas an ceann sonraithe sa lipéad an aerchóiritheora.6
  • Labhair le hionad seirbhíse ceadaithe má tá an aerchóiritheoir riamh faoin uisce.
  • Ná húsáid an aerchóiritheoir ar tréimhse ró-fhada in áit cúng gan aeráil.
  • Má ligtear gáis (ar nós Freon, gás própáin, gás LP, srl) cuir go leor aeráil sula n-úsáidtear an aerchóiritheoir arís.
  • Cinntigh go bhfuil go leor aeráil ann nuair a n-úsáidtear aerchóiritheoir agus uirlis téimh san am céanna.
  • Ná blocáil an inraon nó an asraon aer.
  • Ná cuir do lámha nó rudaí eile tríd an inraon nó asraon aer nuair atá an aerchóiritheoir ag obair.
  • Cinntigh go bhfuil an sreang cumhachta glan, daingean agus gan briseadh.
  • Ná tadhaill, ná oibrigh agus ná deisigh an aerchóiritheoir le do lámha fliuch.
  • Ná cuir aon rud sa sreang cumhachta.
  • Ná cuir téitheoir nó gléasanna téimh eile in aice leis an sreang cumhachta.
  • Ná athraigh nó fairsingigh an sreang cumhachta. Má tá sreang cumhachta scrafa nó ag scamhadh d'fhéadfadh turraing tarlú, agus is gá an sreang a athrú.
  • Cas as an cumhacht láithreach má tharlaíonn lándorchú nó stoirm thoirní.7
  • Cinntigh nach féidir an cábla cumhachta a tharraingt amach nó damáiste a dhéanamh dó agus an gléas á oibriú.
  • Ná teagmhaigh leis na bpíopa cuisneáin ná leis an bpíopa uisce ná le haon pháirteanna inmheánacha eile nuair atá an t-aonad ag obair nó díreach tar éis dó a bheith ag obair. Cothabháil
  • Ná glan an gléas le sprae uisce díreach ar an ngléas.
  • Sula nglantar nó sula ndéantar cothabháil, dícheangail an soláthair cumhachta agus fan go dtí go stopann an fean. Sábháilteacht Theicniúla
  • D'fhéadfadh le suiteáil nó deisiú déanta ag daoine neamh- cheadaithe bheith dáinséarach duit agus do dhaoine eile.
  • Ba cheart go mbeadh teastas bailí reatha ó údarás measúnaithe creidiúnaithe ag an tionscal, a thugann cead don inniúlacht i dtaca le cuisneáin a láimhseáil go sábháilte de réir sonraíochta measúnaithe atá aitheanta ag an tionscal, ag aon duine a dhéanann obair ar chiorcad cuisneáin nó a bhriseann isteach ann. (do R32)
  • Ní dhéanfar seirbhísiú ach amháin mar a mholann an déantóir trealaimh. Déanfar cothabháil agus deisiú, a dteastaíonn cúnamh ó phearsanra oilte eile lena n-aghaidh, faoi mhaoirseacht an duine sin atá inniúil in úsáid chuisneán inlasta. (do R32)
  • Tá an t-eolas sa lámhleabhar seo dírithe ar úsáid ag teicneoir cáilithe seirbhíse atá cleachta leis na bearta sábháilteachta agus atá na uirlisí cearta agus tástála aige/aici.
  • Mura léitear gach treoir sa lámhleabhar seo, d'fhéadfadh leis bheith mar chúis ar oibriúchán fabhtach, damáiste, gortú agus/nó bás.8
  • Is gá an gléas a shuiteáil de réir na rialacháin sreang náisiúnta.
  • Nuair is gá an corda cumhachta a athrú, déanfar daoine ceadaithe é, leis na páirteanna dílis.
  • Déantar an talmhú i gceart chun baol turraing a ísliú.
  • Ná gearr agus ná bain an beangán talmhaithe ón bplug.
  • Ná ceanglaítear an teirminéalach talmhaithe chuibhithe leis an scriú clúdach an balla chun an gléas a thalmhú. Is gá scriú miotal gan insliú a úsáid, agus déantar an gabhdán balla a thalmhú tríd an sreangú baile.
  • Má tá tú éiginnte ó thaobh talmhú an aerchóiritheora, labhair le leictreoir cáilithe chun an gabhdán balla agus an ciorcad a sheiceáil.
  • Is gá duit bearta speisialta a ghlacadh chun an cuisneán agus an gás inslithe a chaitheamh sa bhruscar i gceart. Labhair le gníomhaí seirbhíse nó duine cáilithe eile sula gcaitear iad amach.
  • Má tá damáiste sa chorda, is gá é a athrú le cabhair an déantóra nó gníomhaí seirbhíse nó duine cáilithe eile chun guais a sheachaint.
  • Déanfar an fearas a stóráil i limistéar atá aeráilte go maith, mar a bhfuil méid an tseomra ag teacht le hachar an tseomra atá sonraithe maidir leis an oibriúchán. (do R32)
  • Déanfar an fearas a stóráil i seomra nach bhfuil lasracha gan chosaint ag lasadh an t-am ar fad ann (mar shampla, fearas gáis ag oibriú) nó foinsí adhainte (mar shampla téiteoir leictreach ag oibriú). (do R32)
  • Déanfar an fearas a stóráil sa chaoi nach ndéanfar aon damáiste meicniúil air. (do R32)9

FOLÁIREAMH Chun baol gortaithe, fabht nó damáiste a ísliú agus an gléas seo in úsáid agat, lean na bearta réamhchúraim, chomh maith leis an méid seo: Suiteáil

  • Ná déan an aerchóiritheoir a shuiteáil i limistéar ina bhfuil sé i dteagmháil díreach le gaoth mara (salann).
  • Déan an píobán draenála a shuiteáil i gceart chun an comhdhlútú uisce a scaoileadh de réir a chéile.
  • Bí cúramach nuair a bhaineann tú an aerchóiritheoir as an bpacáiste agus nuair a shuiteálann tú é.
  • Ná tadhaill ar an cuisneán ligthe i rith suiteáil nó deisiú.
  • Aistrigh an aerchóiritheoir le beirt nó níos mó daoine nó bain úsáid as forcardaitheoir.
  • Déan an aonad amuigh a shuiteáil ionas go bhfuil sé cosanta ó sólás díreach na gréine. Ná cuir an aonad laistigh i dteagmháil díreach le sólás na gréine tríd an bhfuinneóg.
  • Caith an t-ábhar pacáistithe amhail scriúnna, tairní, málaí plaisteacha agus ceallraí sa bhruscar go sábháilte, agus úsáid málaí oiriúnacha tar éis suiteála nó deisiúcháin.
  • Déan an aerchóiritheoir a shuiteáil cosanta ó torann ón aonad amuigh, só ní chuirfidh sé isteach ar na comharsanna. Mura ndéantar é d'fhéadfá coimhlint a chothú leis na comharsanna. Oibriúchán
  • Cinntigh go bhfuil an scagaire suiteáilte sula n-osclaítear an aerchóiritheoir.
  • Bí cinnte seiceáil má tá sceitheadh cuisneán tar eís an aerchóiriúchán a shuiteáil nó a dheisiú.
  • Ná cuir aon rud san aerchóiritheoir.
  • Ná measc cadhnraí éagsúla, nó cadhnra nua le sean-chadhnra don cianrialtán.
  • Ná lig don aerchóiritheoir bheith ag obair ar tréimhse ró-fhada gan stad nuair atá an aimsir fliuch nó nuair atá doras/fuinneog ar oscailt.
  • Ná húsáidtear an cianrialtán má tá aon leacht ligthe sa chadhnra. Má tá do chraiceann nó éadaí i dteagmháil leis an leacht ligthe, nigh le huisce glan.
  • Ná hól an uisce draenáilte ón aerchóiritheoir.
  • Ná húsáidtear an gléas chun bia a leasú, ealaín a dhéanamh, srl. Is gnáth-aerchóiritheoir atá ann, ní oibríonn sé mar chóras fuarthú dian. Tá baol damáiste nó cailliúint.
  • Ná athluchtaigh nó dídhíolaim an cadhnra. Cothabháil
  • Ná tadhaill na páirteanna miotal an aerchóiritheora agus tú ag baint an scagaire as.
  • Úsáid stól nó dréimire chun glanadh, cothabháil agus deisiú má tá an aerchóiritheoir ró-ard.
  • Ná húsáidtear glantach nó caolaitheoir trom chun an aerchóiritheoir a ghlanadh, nó sprae uisce. Úsáid éadach bog.
  • Chun é a ghlanadh taobh istigh, labhair le hionad seirbhíse ceadaithe. D’fhéadfadh le glantach trom damáiste a dhéanamh ar an aonad.11

Nótaí oibriúcháin Moltaí chun Fuinneamh a Shábháil

  • Ná fuaraigh an iomarca. D'fhéadfadh leis bheith díobhálach don sláinte agus úsáidtear níos mó leictreachas.
  • Blócáil sólás na gréine le cuirtíní agus tú ag oibriú an aerchóiritheoir.
  • Coinnigh doirsí agus fuinneóga dúnta go maith agus tú ag oibriú an aerchóiritheoir.
  • Athraigh an treo aer go hingireach nó go cothrománach chun aer a chiorclú laistigh.
  • Cuir luas leis an fean chun aer a fhuarú nó a théamhú laistigh ar tréimhse gearr.
  • Oscail fuinneoga go minic. D'fhéadfadh leis an caighdeán aer laistigh ísliú má úsáidtear an aerchóiritheoir ar tréimhse fada.
  • Glan an scagaire aer gach dara seachtain. D’fhéadfadh le deannach agus salachar eile bailithe ag an scagaire an aer a bhlocáil nó moill a chur ar fheidhmíocht an aonaid. Páirteanna agus feidhmeanna Aonad laistigh Aonad Amuigh
  • D'fhéadfadh leis an méid agus oibriúchán na lampaí athrú de réir samhaltán an aerchóiritheora.
  • D'fhéadfadh leis an gné sin athrú de réir samhaltán.

Cuir an cadhnra nua leis agus cinntigh go bhfuil na teirminéalacha + agus - suiteáilte i gceart. Ag suiteáil an Coiméadán Cianrialtáin (roghnach) Chun an cianrialtán a chosaint, déan a choiméadán a shuiteáil agus coinnigh é ó sólás na gréine.

Roghnaigh suíomh sábháilte atá éasca duit.

Ceangail an coiméadán le 2 scriú go cúng. Bain úsáid as scriúire. Modh oibríochta Dírigh an cianrialtán chuig an glacadóir comharthaí ar taobh dheis an aerchóiritheora chun é a oibriú. NOTE

  • D'fhéadfadh leis an cianrialtán gléasanna leictreonacha eile a oibriú má dhirítear é chucu. Cinntigh go bhfuil sé dírithe chuig an aerchóiritheoir.
  • Chun é a oibriú i gceart, úsáid éadach bog chun an tras-seolaí agus glacadóir a ghlanadh.
  • Mura bhfuil feidhm faoi leith á soláthair ag an táirge, ní dhéanann sé torann dordánaí nuair a bhrúitear cnaipe don fheidhm sin, seachas i gcás an Treo Sruth Aer ( SWING ), Scáthlán Chumhachta ( kW [3 s] ), agus Íonúchán Aer ( ).13

Cuir cadhnra leis. • Beidh an íocón atá faoin scáthlán ag caochaíl. Brúigh nó chun na nóiméad a roghnú. Brúigh SET/CANCEL chun críochnú. NOTE

  • Tá an amadóir Air/As ar fáil tar éis an am a shocrú. Feidhm °C/°F tiontú (roghnach) Athraíonn an fheidhm sin an aonad idir °C agus
  • Brúigh agus coinnigh brúite an cnaipe ℃↔℉ [5 s]SWING

5 shoicind. Ag oibriú an aerchóiritheoir gan cianrialtán Is féidir leat an cnaipe ON/OFF an aonad laistigh a úsáid chun an aerchóiritheoir a oibriú mura bhfuil cianrialtán ar fáil. Oscail an clúdach tósaigh (Radharc2) nó eite cothrománach (Radharc1). Brúigh an cnaipe ON/OFF . Radharc1 ON/OFF Radharc2

  • D'fhéadfadh leis an mótar céime bheith briste má osclaíonn na eití cothrománacha go gasta. • Tá luas an feain socraithe go hard. • D'fhéadfadh leis an gné sin athrú de réir samhaltán. • Ní féidir an teocht a athrú nuair a n-úsáidtear an cnaipe ON/OFF éigeandála seo. • I gcomhair samhaltáin téamhú amháin, socraítear an teocht ó 22 °C go 24 °C14

Ag úsáid Cianrialtán gan sreang Is féidir an aerchóiritheoir a oibriú go héasca le cianrialtán.

  • * D'fhéadfadh leis na cnaipí athrú de réir samhaltán.
  • D’fhéadfadh nach dtugfar tacaíocht don Léirú Fuinnimh, don Smachtú Fuinnimh, nó don feidhm Diagnóis Chiúin agus Cliste agus iad ceangailte leis an aonad Iolrach Lasmuigh.15
  • D'fhéadfadh le cúpla feidhm gan bheith ar fáil de réir an samhaltán.
  • * D'fhéadfadh leis na cnaipí athrú de réir samhaltán.

Ag atosú an aerchóiritheoir go huathoibríoch Nuair atá an aerchóiritheoir casta air arís tar éis cliseadh cumhachta, athshlánann an feidhm sin na socruithe níos sine. Ag díchumasú an atosú uathoibríoch

Oscail an clúdach tósaigh (Radharc2) nó eite cothrománach (Radharc1). Brúigh an cnaipe ON/OFF agus coimeád brúite é ar feadh 6 shoicind, ansin ligfidh an t-aonad bíp faoi dhó agus caochfaidh an lampa faoi dhó 4 uaire. • Chun an fheidhm a chumasú, brúigh an cnaipe ON/OFF agus coinnigh brúite é ar 6 shoicind. Déanfaidh an aonad 'beep' dhá uair agus beidh an lampa ag bobáil 4 uair. Radharc1 ON/OFF Radharc2

  • D'fhéadfadh leis an gné sin athrú de réir samhaltán. • Má bhrúitear agus coinnítear an cnaipe ON/OFF ar 3-5 shoicind, seachas 6 shoicind, athrófar an aonad go hoibriúchán tástála. San oibriúchán tástála, scaoileann an aonad aer fuar go láidir ar 18 nóiméad agus filleann sé go socruithe réamhshocraithe. Ag úsáid an fheidhm Modh Cabhraíonn an fheidhm seo feidhm a roghnú.Modh FuarthúModh Uath-Athrú / Modh Uath-oibriúchán (AI)Modh díthaisiúcháinModh TéamhúModh Fean Modh Fuarthú

Brúigh an cnaipe MODE cúpla uair chun an Modh Uath-Oibriúcháin a roghnú.

Modh díthaisiúcháin Baineann an modh seo an tais sa bhreis ó timpeallacht tais nó i rith tréimhse báistí, chun fad easna a sheachaint. Athraíonn an modh seo teocht an seomra agus luas feain go huathoibríoch chun leibhéal tais compórdach a choinneáil ann.

Brúigh an cnaipe MODE cúpla uair chun an Modh díthaisiúcháin a roghnú.

  • mar a thaispeánann an scáthlán. NOTE
  • Sa mhodh seo ní féidir teocht an seomra a athrú, mar tá sé réamhshocraithe.
  • Ní taispeánfar teocht an seomra sa scáthlán.
  • Sa mhodh díbhogthaisithe, seans nach n-oibreoidh an comhbhrúiteoir agus an gaothrán taobh istigh nuair a bhíonn teocht an tseomra níos lú ná 24 °C Modh Téamhú
  • Taispeánfar san aonad laistigh Nuair atá díreo ar siúil.
  • nó taispeánfar é ar an aonad faoi dhíon nuair a bheidh an modh lucht leanúna ag feidhmiú Ag úsáid an fheidhm Mhodh Jet Ag athrú teocht an seomra go gasta. Cabhraíonn an fheidhm seo aer a fhuarthú laistigh sa samhradh nó a théamhú sa gheimhreadh.
  • Tá an fheidhm Mhodh Jet ar fáil le Fuarthú, Téamhú agus Díthaisiúcháin.
  • Níl an mód teas scairde ar fáil ar chuid de na mionshampla.
  • Sa Mhodh Jet, Séideann aer go láidir ar feadh 30 nóiméad.
  • Tar éis 30 nóiméad, beidh teocht socraithe 18 °C aige. Más mian leat an teocht a athrú, brú an cnaipe nó chun an teocht atá uait a shocrú.
  • Sa Mhodh Jet Téamhú, Séideann aer go láidir ar feadh 30 nóiméad.
  • Tar éis 30 nóiméad, beidh teocht socraithe 30 °C aige. Más mian leat an teocht a athrú, brú an cnaipe nó chun an teocht atá uait a shocrú.
  • D'fhéadfadh leis an fheidhm seo oibriú go héagsúil ón scáthlán an cianrialtáin.21

Ag úsáid an fheidhm Luas Fean Ag roghnú Luas Fean

  • Brúigh an cnaipe FAN SPEED cúpla uair chun luas an feain a athrú. Scáthlán Luas Ard Meánach - Ard Meánach Meánach - Íseal Íseal - Gaoth nádúrtha NOTE
  • Ceartaíonn luas an ghaothráin uaidh féin.
  • Taispeántar na íocóin an feain ar aonaid laistigh áirithe.
  • Taispeántar an aonad ar 5 soic amháin agus filleann sé go teocht réamhshocraithe ar samhaltáin áirithe. Ag úsáid an fheidhm Treo Aer Athraíonn an fheidhm seo treo an aer go hingireach (go cothrománach).
  • D'fhéadfadh gan an athrú treo bheith ar fáil, de réir samhaltán.
  • D'fhéadfadh le hathrú sraonaire aer bheith mar chúis ar fabht sa ghléas.
  • Má atosaíonn tú an aerchóiritheoir, tosaíonn sé ag oibriú leis an treo aer socraithe roimhe, só d'fhéadfadh gan an sraonaire aer an íocón a mheaitseáil sa chianrialtán. Nuair a tharlaíonn sé, brúigh an cnaipe SWING
  • D'fhéadfadh leis an fheidhm seo oibriú go héagsúil ón scáthlán an cianrialtáin.22

Ag socrú an amadóir Air/As Socraíonn an fheidhm seo an aerchóiritheoir chun casadh air go huathoibríoch am éigin. Is féidir Amadóir Air/As a shocrú le chéile. Ag socrú an amadóir Air

  • Beidh an íocón atá faoin scáthlán ag caochaíl.

Brúigh nó chun na nóiméad a roghnú.

Brúigh SET/CANCEL chun críochnú.

  • Tar éis an amadóir a shocrú, taispeánfar an t-am reatha agus an íocón sa scáthlán, agus beidh an t-am socraithe. Ag cealú an amadóir Air
  • Beidh an íocón atá faoin scáthlán ag caochaíl.

Brúigh SET/CANCEL chun socrú a chealú. Ag socrú an amadóir As

  • Beidh an íocón atá faoin scáthlán ag caochaíl.

Brúigh nó chun na nóiméad a roghnú.

Brúigh SET/CANCEL chun críochnú.

  • Tar éis an amadóir a shocrú, taispeánfar an t-am reatha agus an íocón sa scáthlán, agus beidh an t-am socraithe. NOTE
  • Bíonn an fheidhm sin díchumasaithe nuair a shocraíonn tú an Amadóir Simplí. Ag cealú an amadóir As
  • Beidh an íocón atá faoin scáthlán ag caochaíl.

Ag úsáid an fheidhm codladh (roghnach) Casann an fheidhm sin an aerchóiritheoir as go huathoibríoch nuair a théann tú i do chodladh.

  • Beidh an íocón atá faoin scáthlán ag caochaíl.

Brúigh SET/CANCEL chun críochnú.

  • Sa mhodh Díthaisiúcháin agus Fuarthú, ardaíonn an teocht ar 1 °C amháin tar éis 30 nóiméid agus 1 °C eile tar éis 30 nóiméad eile chun codladh compórdach duit.
  • Ardaíonn an teocht suas go 2 °C ón teocht a bhí socraithe.
  • Cé gur féidir leis an luas feain sa scáthlán bheith athraithe, roghnaítear luas an feain go huathoibríoch. Ag úsáid an fheidhm amadóir simplí (roghnach) Casann an fheidhm sin an aerchóiritheoir as go huathoibríoch nuair a théann tú i do chodladh.
  • Beidh an íocón atá faoin scáthlán ag caochaíl.

Brúigh SET/CANCEL chun críochnú.

  • mar a thaispeánann an scáthlán. NOTE
  • Bíonn an fheidhm sin díchumasaithe nuair a shocraíonn tú an Amadóir As24

Ag úsáid an fheidhm taispeáin fuinnimh (roghnach) Taispeánann an fheidhm seo an méid leictreachais ginithe sa scáthlán laistigh agus an gléas ag oibriú. Taispeáin an úsáid fuinnimh reatha

  • Ní féidir é a léamh sa chianrialtán.
  • Má tá sé níos airde ná kWh, sin raon sloinn, coinnigh mar 99 kWhé.
  • Taispeáin vatacht níos ísle ná 10 kW le haonad 0.1 kW, agus taispeáin na cinn níos airde ná 10 kW le haonad 1 kW.
  • D'fhéadfadh leis an cumhacht bheith difriúil ón cumhacht á thaispeáint ansin.
  • D’fhéadfadh nach ndéanfar tacaíocht don feidhm seo agus rudaí ceangailte don aonad Iolrach Lasmuigh. Ag úsáid an fheidhm Sólás As (roghnach) Taispeáin Gile Scáthláin Is féidir an gile a shocrú don scáthlán an aonaid laistigh.
  • Brúigh an cnaipe LIGHT OFF. NOTE
  • Cas ar/as an scáileán Taispeáin.
  • Má dhéantar cnaipe a bhrú ar an gcianrialtán casann sé an taispeáint go huathoibríoch ar feadh tamaill. Má tá gile taispeána fearais faoi dhíon socraithe chun múchadh.
  • Féadfaidh an fheidhm seo oibriú ar bhealach éagsúil, ag brath ar an tsamhail. Ag úsáid an fheidhm aer compórdach (roghnach) Oibriúchán Eite Compórd Socraíonn an fheidhm seo an eite go héasca go suíomh réamhshocraithe chun an aer soláthraithe a sraonú ó dul díreach go dtí na daoine sa seomra.
  • nó mar a thaispeánann an scáthlán. NOTE
  • nó mar a thaispeánann cúpla aonaid laistigh.
  • Tá an fheidhm seo díchumasaithe nuair a bhrúitear MODE nó JET MODE.
  • Tá an fheidhm seo díchumasaithe agus socraítear an uath-athrú treo ingearach nuair a bhrúitear SWING
  • Nuair atá an fheidhm seo as, oibríonn an eite cothrománach go huathoibríoch de réir an mhodh socraithe.25

Ag úsáid an fheidhm smacht fuinnimh (roghnach)

  • Céim 1: Íslíonn an Ionchur cumhachta 20 % i gcomparáid leis an ionchur cumhachta ann. − mar a thaispeánann an scáthlán.
  • Céim 2: Íslíonn an Ionchur cumhachta 40 % i gcomparáid leis an ionchur cumhachta ann. − mar a thaispeánann an scáthlán.
  • Tá an fheidhm seo ar fáil leis an Mhodh Fuarthú.
  • D’fhéadfadh nach ndéanfar tacaíocht don feidhm seo agus rudaí ceangailte don aonad Iolrach Lasmuigh. Ag úsáid feidhmeanna speisialta
  • D'fhéadfadh le cúpla feidhm gan bheith ar fáil de réir an samhaltán.
  • D'fhéadfadh leis an fheidhm seo oibriú go héagsúil ón scáthlán an cianrialtáin.26

Ag cealú feidhmeanna speisialta

Brúigh SET/CANCEL chun feidhm a chealú. Ag úsáid an fheidhm Íonúcháin Aer Soláthraíonn na feidhmeanna sin aer úr tríd cáithníní iain agus scagaire. Feidhm Scáthlán Cur síos Ianaitheoir Glanann na cáithníní iain san ianaitheoir an dromchla a laghdú baictéir agus salachar dáinséaracha eile. Plasma Baineann sé salachar micreascópacha ón aer iontógáilte go hiomlán chun aer úr glan a sholáthair. NOTE

  • Is féidir an fheidhm seo a úsáid gan an aerchóiritheoir a chasadh as.
  • Lasann na lampaí plasma agus fuarthú le chéile nuair atá an Deatach Amach/Plasma ag oibriú i roinnt de na samhaltáin.
  • Ná tadhaill ar an ianaitheoir i rith oibriúchán.
  • D'fhéadfadh leis an fheidhm seo oibriú go héagsúil ón scáthlán an cianrialtáin. Ag úsáid an fheidhm Tost Tá an fheidhm seo ann chun torann a sheachaint agus gan cur isteach ar chomharsanna.
  • mar a thaispeánann an scáthlán. NOTE
  • Tá an fheidhm seo díchumasaithe nuair a bhrúitear MODE nó ENERGY CTRL. nó JET MODE.
  • Tá an fheidhm seo ar fáil le Fuarthú, Téamhú, Uath-athrú, Modh Uath-oibriúcháin.
  • D’fhéadfadh nach ndéanfar tacaíocht don feidhm seo agus rudaí ceangailte don aonad Iolrach Lasmuigh. Ag úsáid an fheidhm Uath- ghlanadh Sa Mhodh Fuarthú agus Díthaisiúcháin, ginítear tais taobh istigh den aonad laistigh. Baineann an fheidhm seo aon tais atá ann.
  • mar a thaispeánann an scáthlán. NOTE
  • Ní féidir roinnt feidhmeanna a úsáid nuair atá an fheidhm Uath-ghlanadh ag oibriú.

Feidhmchlár LG ThinQ Níl an fheidhm seo ar fáil ach ar shamhaltáin leis an lógó nó ThinQ. Ceadaíonn an feidhmchlár LG ThinQ duit cumarsáid a dhéanamh leis an bhfearas le guthán cliste. Gnéithe feidhmchláir LG ThinQ Úsáid na feidhmeanna cliste áisiúla chun cumarsáid a dhéanamh leis an bhfearas ó gutháin cliste. Smart Diagnosis Má bhíonn fadhb agat agus an fearas in úsáid, cuideoidh an ghné dhiagnóise chliste seo leat an fhadhb a dhiagnóisiú. Socruithe Ligeann sé duit roghanna éagsúla a shocrú ar an fhearas agus san fheidhmchlár. NOTE

  • Má athraíonn tú do ródaire gan sreang, soláthraí seirbhíse idirlín, nó pasfhocal, scrios an gléas cláraithe ón bhfeidhmchlár LG ThinQ agus cláraigh arís é.
  • Tá an feidhmiú seo faoi réir nuashonra fearais agus na athruithe a thagann leis, gan fógra roimh ré.
  • Braitheann an réimse feidhmeanna ar an samhaltán. Roimh Fheidhmchlár LG ThinQ a Úsáid

Seiceáil an t-achar idir an gléas agus an ródaire gan sreang (gréasán Wi-Fi).

  • Má tá an t-achar idir do ghléas agus an ródaire gan sreang ró-mhór, bíonn an comhartha lag. D’fhéadfadh leis an gclárúchán bheith mall nó d’fhéadfadh leis an suiteáil gan tarlú.
  • Glacann an gléas le gréasáin Wi-Fi 2.4 GHz amháin. Déan teagmháil le do sholáthraí seirbhíse idirlín nó breathnaigh ar lámhleabhar do ródaire gan sreang chun minicíocht do ghréasáin a fháil amach.
  • Níl LG ThinQ freagrach as aon fhadhb cheangal gréasáin nó oibriúchán fabhtach, nó earráidí, má bhí an ceangal gréasáin mar chúis orthu.
  • Má tá fadhb agat ag ceangal an fearas leis an ngréasán Wi-Fi, b’fhéidir go bhfuil sé ró-fhada ón ródaire. Ceannaigh athsheoltóir Wi-Fi (sínteoir raoin) chun an comhartha Wi-Fi a neartú.
  • D’fhéadfadh leis an ceangail Wi-Fi stopadh go tobann mar gheall ar an timpeallacht gréasáin baile.
  • Mura n-oibríonn an ceangal gréasáin i gceart, d’fhéadfadh leis a bheith mar gheall ar an soláthraí seirbhíse.
  • D’fhéadfadh leis an timpeallacht bheith mar chúis ar mhoill sa seirbhís gréasáin gan sreang.28
  • Ní féidir an gléas a chlárú de bharr fadhbanna le tarchur an chomhartha gan sreang. Díphlugáil an gléas agus fan thart ar nóiméad sula mbaineann tú triail arís.
  • Má tá balla dóiteáin cumasaithe ar do ródaire gan sreang, díchumasaigh an balla dóiteáin nó cuir eisceacht leis.
  • Ní mór d’ainm an ghréasáin gan sreang (SSID) a bheith comhdhéanta le litreacha agus uimhreacha Béarla amháin. (Ná húsáidtear carachtair speisialta).
  • D’fhéadfadh le comhéadan úsáideora an ghutháin cliste (UI) a bheith éagsúil ag brath ar chóras oibriúcháin (OS) an déantóra.
  • Má tá prótacal slándála an ródaire socraithe mar WEP, d’fhéadfá gan bheith ábalta an gréasán a shocrú. Le do thoil, athraigh é go prótacail slándála eile (moltar WPA2) agus cláraigh an táirge arís. Ag suiteáil an Fheidhmchláir LG ThinQ Déan an feidhmiú LG ThinQ a lorg ar an Google Play Store nó ar Apple App Store ar an nguthán cliste. Lean na treoracha chun an feidhmiú a íoslódáil agus a shuiteáil. Fógra Faisnéise maidir le Bogearraí Foinse Oscailte Chun an cód foinse faoi GPL, LGPL, MPL agus ceadúnais foinse oscailte eile a fháil a bhfuil oibleagáidí acu cód foinse a nochtadh atá sa táirge seo, agus chun rochtain a fháil ar gach téarmaí ceadúnais tagartha, fógraí cóipchirt agus cáipéisí ábhartha eile, téigh go dtí https:// opensource.lge.com, le do thoil. Cuirfidh LG Electronics cód foinse oscailte ar fáil duit freisin ar CD-ROM ach táille a íoc a chlúdóidh an costas a bhaineann lena leithéid de dháileadh (cosúil le costais an mheáin, an phostais agus láimhseála) ach ríomhphost a sheoladh chuig opensource@lge.com. Tá an tairiscint seo bailí d’aon duine a fhaigheann an t-eolas seo ar feadh tréimhse trí bliana tar éis sheoladh deireanach.an táirge seo.29

Smart Diagnosis Níl an fheidhm seo ar fáil ach ar shamhaltáin leis an lógó nó . Bain úsáid as an ngné seo chun cabhrú leat fadhbanna le d’fhearas a dhiagnóisiú agus a réiteach. NOTE

  • Ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith faillí LGE, ní fhéadfadh an seirbhís feidhmiú mar gheall ar fhachtóirí seachtracha ar nós, ach gan a bheith teoranta do, do-úsáidteacht Wi-Fi, dícheangal Wi-Fi, polasaí aipmhargaidh áitiúil, nó do-úsáidteacht aipe.
  • D’fhéadfadh an ghné seo a bheith faoi réir athrú gan fógra roimh ré agus d’fhéadfadh foirm difriúil a bheith aige ag braith ar an áit ina bhfuil tú lonnaithe. Ag úsáid LG ThinQ chun fadhbanna a dhiagnóisiú Má bhíonn fadhb agat le d’fhearas Wi-Fi feisithe, is féidir leis sonraí fabhtcheartaithe a tharchur chuig an nguthán ag baint úsáid as an bhfeidhmchlár LG ThinQ.

Cuir béalphíosa do ghutháin chliste in aice leis an lógó nó .

Brúigh agus coinnigh an cnaipe DIAGNOSIS [5 s] ar feadh 5 soicind ar a laghad agus tú ag coinneáil béalphíosa an ghutháin chliste leis an lógó go dtí go bhfuil aistriú sonraí críochnaithe.

  • Coinnigh an guthán cliste sa suíomh go dtí go bhfuil aistriú sonraí críochnaithe. Taispeántar an t-am fágtha chun sonraí a aistriú.
  • Sula nglantar nó sula ndéantar cothabháil, dícheangail an soláthair cumhachta agus fan go dtí go stopann an fean. Mura mbeidh an aerchóiritheoir in úsáid go fadtréimhseach, déan é a thriomú chun é a choinneáil slán. Glan an gléas go minic chun an feidhmíocht a choinneáil normálta agus cliseadh a sheachaint.
  • Déan an aerchóiritheoir a thriomú sa mhodh Fean ar 3 go 4 uair an chlog agus dícheangail an cumhacht. D'fhéadfadh le tais fághta istigh damáiste a dhéanamh don gléas.
  • Sula n-úsáidtear an aerchóiritheoir arís, déan na páirteanna laistigh a thriomú sa mhodh Feain an aerchoiritheora ar 3 go 4 uair an chlog. Cabhróidh sé sin boladh de bharr an tais a ghlanadh as. Scagaire AerScagaire Aer
  • D'fhéadfadh leis an gné sin athrú de réir samhaltán.31
  • Ná húsáid uisce atá níos teo ná 40 °C nuair a ghlanann tú na scagairí. D'fhéadfadh le dífhoirmíocht nó dídhathú tarlú dá bharr.
  • Ná húsáid substaint galacháin nuair a ghlanann tú na scagairí. D'fhéadfadh leo damáiste a chur ar dhromchla an gléis.
  • D'fhéadfadh leis an scagaire aer briseadh nuair a chastar é.

Beir greim ar na cnóba na scagairí aer, brúigh síos iad beagáinín agus bain iad ón aonad laistigh.

Déan na scagairí a thriomú go nádúrtha gan sólás na gréine.

Fiosraigh má tá taobh an chlúdach tósaigh curtha leis na scagairí aer i gceart.33

Glan na scagairí le glantóir folúis.

  • D’fhéadfadh an gné agus suíomh an scagaire Ailléirge athrú de réir an cinéal samail.34 FABHTCHEARTÚ

Feidhm Féin-Dhiagnóis Tá feidhm féin-dhiagnóis curtha ann sa ghléas. Má tharlaíonn earráid, beidh lampa an aonad laistigh ag bobáil in eatraimh 2 shoicind. Má tharlaíonn sé, déan teagmháil leis an déileóir áitiúil nó ionad seirbhíse. Sula nglaotar le Seirbhíse Fiosraigh an méid seo sula ndéanann tú teagmháil leis an ionad seirbhíse. Má fhanann an fhadhb ann, labhair le hionad seirbhíse áitiúil. Siomtóim Cúiseanna agus Réitithe Féideartha Ní oibríonn an aerchóiritheoir i gceart. Tá boladh dóiteáin agus torann ait ag teacht ón aonad.

  • Cas as an aerchóiritheoir, dícheangail an sreang cumhachta nó dícheangail an soláthair cumhachta agus labhair le hionad seirbhíse. Uisce ligthe ón aonad laistigh fiú nuair atá an leibhéal tais íseal.
  • Cas as an aerchóiritheoir, dícheangail an sreang cumhachta nó dícheangail an soláthair cumhachta agus labhair le hionad seirbhíse. Tá damáiste sa sreang cumhachta nó tá sé ag giniú an iomarca teas.
  • Cas as an aerchóiritheoir, dícheangail an sreang cumhachta nó dícheangail an soláthair cumhachta agus labhair le hionad seirbhíse. Níl lasc, scoradán ciorcaid (slándáil, talamh), nó aidhnín ag oibriú i gceart.
  • Cas as an aerchóiritheoir, dícheangail an sreang cumhachta nó dícheangail an soláthair cumhachta agus labhair le hionad seirbhíse. Giníonn an aonad cód earráide ón uath-dhiagnóis.
  • Cas as an aerchóiritheoir, dícheangail an sreang cumhachta nó dícheangail an soláthair cumhachta agus labhair le hionad seirbhíse. Ní oibríonn an aerchóiritheoir. Tá an aerchóiritheoir dícheangailte.
  • Fiosraigh má tá an corda cumhachta ceangailte leis an asraon nó má tá na aonraitheora cumhachta casta air. Phléasc aidhnín, nó tá an soláthair cumhachta blocáilte.
  • Athraigh an aidhnín nó fiosraigh má tá an scoradán ciorcaid fabhtach. Do tharla fabht sa chumhacht.
  • Cas as an aerchóiritheoir nuair a tharlaíonn cliseadh cumhachta.
  • Nuair atá an cumhacht athshlánaithe, fan 3 nóiméad, agus cas air an aerchóiritheoir. Tá an voltas ró-ard nó ró-íseal.
  • Fiosraigh má tá an scoradán ciorcaid tar éis teipeadh. Bhí an aerchóiritheoir casta as go huathoibríoch ag am socraithe.
  • Cas an aerchóiritheoir air. Tá an socrú cadhnra sa chianrialtán mícheart.
  • Cinntigh go bhfuil gach cadhnra curtha isteach i gceart sa chianrialtóir.
  • Má tá siad curtha i gceart, ach ní oibríonn an aerchóiritheoir fós, athraigh gach cadhnra agus bain triail eile.35

Siomtóim Cúiseanna agus Réitithe Féideartha Ní scaoileann an aerchóiritheoir aer fuar. Níl an aer ag ciorclú i gceart.

  • Cinntigh nach bhfuil cuirtíní nó troscán ag blocáil an taobh tosaigh an aerchóiritheora. Tá an scagaire aer salach.
  • Ná húsáidtear ginitheoir teas ar nós oigheann nó cócaireán nuair atá aerchóiritheoir ag oibriú. Tá modh fean roghnaithe.
  • I rith modh fean, scaoiltear aer ón aerchóiritheoir gan é a fhuarthú nó a théamhú.
  • Athraigh an mhodh oibriúcháin go oibriúchán fuarthú. Tá an teocht ró-ard lasmuigh.
  • D'fhéadfadh gan an éifeacht fuarthú bheith leor. Ní féidir an luas feain a athrú. Tá an Modh Jet nó an Modh Uathoibriúcháin roghnaithe.
  • I modhanna oibriúcháin áirithe, ní féidir leat luas an feain a athrú. Roghnaigh modh oibriúcháin ina féidir leat luas an feain a athrú. Ní féidir an teocht a athrú. Tá an mhodh Jet nó Feain roghnaithe.
  • I modhanna oibriúcháin áirithe, ní féidir leat teocht a athrú. Roghnaigh modh oibriúcháin ina féidir leat teocht a athrú. Stopann an aerchóiritheoir i rith oibriúcháin. Castar an aerchóiritheoir as go tobann.
  • D'fhéadfadh leis an fheidhm amadóra bheith ar sos, agus casann sé an aonad as. Fiosraigh socruithe an amadóra Do tharla fabht sa chumhacht i rith oibriúchán.
  • Fan go bhfuil an cumhacht ar ais. Má tá an fheidhm Uath-atosú cumasaithe agat, atosóidh an aonad an oibriúchán is déanaí cúpla nóiméad tar éis don cumhacht bheith ar ais.36

Siomtóim Cúiseanna agus Réitithe Féideartha Tá an aonad laistigh ag oibriú fós fiú nuair atá an cumhacht casta as. Tá an fheidhm uath-ghlan á n-oibriú.

  • Is gá don fheidhm Uath-ghlan leanúint ar aghaidh mar baineann sé gach tais fágtha taobh istigh den aonad laistigh. Mura bhfuil an fheidhm sin uait, is féidir an aonad a chasadh as. Tá asraon an aonad laistigh ag scaoileadh ceocháin. Déanann an aer fuar ón aerchóiritheoir ceocháin.
  • Nuair a n-íslíonn an teocht, imeoidh sé sin. Tá uisce á ligeadh ón aonad amuigh. Sna oibriúcháin téamhú, titeann uisce comhdhlúite ón malartóir teasa.
  • De réir an simptóim sin, is gá píobán draenála a shuiteáil faoin bpan chúl. Labhair leis an suiteálaí. Tá torann nó creathadh ann. Is féidir fuaim clic a chloisteáil nuair a thosaíonn an aonad nó stopann sé mar gheall ar an ngluaiseacht sa chomhla cúlú. Fuaim briseadh: Briseann na páirteanna pláisteacha an aonaid laistigh nuair a chrapann nó nuair a leathnaíonn siad de bharr athruithe tobann. Fuaim sreabhadh nó séideadh: Seo an sruth cuisneáin tríd an aerchóiritheoir.
  • Is siomptóim normálta iad. Stopfaidh an torann. Scaoileann an aonad laistigh boladh. D'fhéadfadh le boladh (ar nós deatach tobac) bheith súite isteach ag an aonad agus scaoilte leis an aer.
  • Mura n-imíonn an bholadh riamh, is gá duit an scagaire a ghlanadh. Mura n-oibríonn sé, labhair le hionad seirbhíse chun an malartóir teasa a ghlanadh duit. Ní scaoileann an aerchóiritheoir aer te. Nuair a thosaíonn an mhodh téamhú, tá an eite beagnach dúnta, agus ní thagann aon aer amach, fiú tríd an aonad amach ag oibriú.
  • Is siomptóm normálta é. Fan go bhfuil an aonad tar éis go leor aer te a ghiniú chun é a scaoileadh ar an aonad laistigh. Tá an aonad laistigh sa mhodh dí-reoite.
  • Sa mhodh téamhú, tagann oighear ar na gcornaí nuair atá an teocht ró-íseal amuigh. Baineann an fheidhm seo beagán reoáin sa chornaí agus de ghnáth críochnaíonn sé i 15 nóiméad. Tá an teocht ró-íseal lasmuigh.
  • D'fhéadfadh gan an éifeacht téamhú bheith leor.37

Siomtóim Cúiseanna agus Réitithe Féideartha Níl do ghléas baile agus guthán cliste ceangailte leis an ngréasán Wi-Fi. Tá an pasfhocal i gcomhair Wi-Fi mícheart in úsáid agat le ceangal.

  • Faigh an gréasán Wi-Fi ceangailte le do ghuthán cliste agus bain é, ansin cláraigh do ghléas ar LG ThinQ. Tá sonraí Móibíleach ar siúil do do ghuthán cliste.
  • Múch na sonraí Móibíleach do ghutháin cliste agus úsáid an gréasán Wi-Fi le do ghléas a chlárú. Tá an t-ainm gréasáin gan sreang (SSID) socraithe go mícheart.
  • Ní mór d'ainm an ghréasáin gan sreang (SSID) a bheith comhdhéanta le litreacha agus uimhreacha Béarla amháin. (Ná húsáidtear carachtair speisialta). Níl minicíocht an ródaire cothrom le 2.4 GHz.
  • Ní ghlactar ach le minicíocht ródaire 2.4 GHz. Socraigh an ródaire gan sreang ar 2.4 GHz agus ceangail an gléas leis an ródaire gan sreang. Chun minicíocht a sheiceáil, cuir ceist ar an soláthraí seirbhíse idirlíne nó déantóir an ródaire. Tá an t-achar idir an gléas agus an ródaire ró-mhór.
  • Má bhíonn an t-achar idir an gléas agus an ródaire ró-mhór, d’fhéadfadh leis an gcomhartha bheith lag agus leis an gceangal gan bheith cumasaithe i gceart. Cuir an ródaire áit eile, níos cóngaraí don gléas. NOTE
  • D'fhéadfadh le cúpla feidhm gan bheith ar fáil de réir an samhaltán.Memowww.lg.com